"Forever Young" le Alphaville as Gaeilge

295 Προβολές
Published
Rút Ní Fhógartaigh & Cúrsa D ag beilteáil amach bailéad clasaiceach óna hochtóidí.
‘Sé Stiofán Ó Fearail a d’oibrigh ar na liricí agus mar is iondúil tá sár-jab déanta aige dhóibh.


Leag síos an claíomh, ‘s damhsaigh ar aghaidh
Na flaithis ar fán, gan solas taitneamh ar m’aghaidh
Tabhairt ’n oiread ann ach ag súil bheith i ngann
Bhfuil an spéir ag titim orainn fós?
Lig dhúinn bheith ann nó lig dhúinn imeacht le taoile
Ní linne an chumhacht ach ní ghéillfidh muid choíche
Seasamh lár an stáitse, an saol ina chuirtín.
An ceol binn ár spreagadh

A bheith in ann
Ba mhaith liom i gcónaí bheith in ann
‘G iarra’ rian a fhágáil ar an saol seo
Le bheith ann, a bheith ann
A bheith in ann
Ba mhaith liom i gcónaí bheith in ann
‘G iarra’ rian a fhágáil ar an saol seo
Ba mhaith liom a bheith in ann

Cuid mhaith nós uisce cuid a’inn eile nós fíon
Cuid a’inn an ghealach ‘s cuid eile an ghrian
Inniu nó amárach mo mhianta ar fán
A’ bhfanfaidh siad ann?
Níl mé ‘g iarra’ imeacht nós an éigh bhán
Níor mhaith liom bheith caillte nós an fhile dhaill
An óige nós diamaint thíos faoin ngrian
Is mairfidh siad go’n deireadh

An oiread sin aistir nár tharla faraor
An oiread sin amhráin nár chan muid riamh
An oiread sin brionglóidí ‘tá tagtha i dtír
Ó lig dóibh bheith fíor

A bheith in ann
Ba mhaith liom i gcónaí bheith in ann
‘G iarra’ rian a fhágáil ar an saol seo
Le bheith ann, a bheith ann
A bheith in ann
Ba mhaith liom i gcónaí bheith in ann
‘G iarra’ rian a fhágáil ar an saol seo
Ba mhaith liom a bheith in ann
Γίνε ο πρώτος που θα σχολιάσει